Imeachtaí a Chomhordú & Comhthionscadail Ghaeilge/Ghàidhlig

Má tá bealach á lorg agat chun lucht labhartha Ghaeilge na hAlban & na hÉireann a thabhairt le chéile, nó a gcuid eolais ar theanga a chéile a mhéadú, b'fhiú cuimhneamh ar an Pop Up Gaelic Café, nó an Priob-Chaifé Gaidhlig! D'éirigh go hiontach leis ag dhá fhéile mhóra in Albain, agus ag imeachtaí i mBéal Feirste le déanaí, lena n-áirítear imeacht Cearta & Ceiliúradh, a ritheann Pobal. Is féidir leat an sár-aiseolas a fuair muid ó rannpháirtithe a léamh, agus tuilleadh eolais, chomh maith le pictiúir & físeáin a fheiceáil, faoin gCaifé agus coincheapa dráma sráide eile, anseo.

Ó thosaigh Ariel ar an nGaeilge a fhoghlaim breis is 15 bliana ó shin agus ó bhog sí go hÉireann go buan as Sydney in 2000, is iomaí rud a thug Ariel do ghníomhaíochtaí Shaol na Gaeilge, lena n-áirítear seisiúin 'Scóráil Sciopaidh' (Speed-Dating) as Gaeilge, chomh maith le go leor ceardlann éagsúil, ar nós Drumadóireacht Afraiceach, Ióga, Damhsa Boilg agus Scileanna Sorcais d'imeachtaí Gaeilge Fhéilte Dhubh Linn Teoranta (an comhlacht atá i gceannas ar imeachtaí Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Cliath), ar a dtugtar Gaelspraoi anois, chomh maith le scéim de cheardlanna i scileanna sorcais as Gaeilge i scoileanna timpeall Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann i gcomhar le DTE Inc.

Tá an t-uafás teagmhálacha ag Ariel d'ealaíontóirí le Gaeilge agus d'ealaíontóirí eile más mian leat féachaint ar imeacht nó imeachtaí a chomhordú do do ghrúpa, agus go háirithe comhthionscadal lena gcomhnascfar Gaeilge na hÉireann agus Gaidhlig na hAlban.

Gallery