Acrobatics

Bhí sé de phribhléid agam a bheith i mbun traenála le roinnt sártheagascóirí cosúil le Ben Collis agus daoine eile ó cheithre chearn na cruinne in 2012 & 2013.

ariel  ben a

I mí na Nollag 2012, tháinig Northern Visions ó Bhéal Feirste anall go Glaschú le beagán scannánú a dhéanamh faoi mo chuid oibre. Tá roinnt íomhá ón obair acrobaitice a bhí ina cuid den tionscadal sin le feiceáil thíos, agus an gearrscannán féin thíos fúthu siúd. Ní raibh ach cúpla lá againn le píosa a ullmhú tar éis dom féin sos dhá bhliain a ghlacadh ón ealaín áirithe seo agus mé ag díriú ar obair ar stilts. Táim an-bhuíoch do Northern Visions as teacht i mo leith agus sárscannán gairid a dhéanamh, do Ben Collis as ucht a shaineolas a thabhairt don tionscadal seo agus do Olga Kirillova as a cuid trealaimh aerphéinteála a thabhairt ar iasacht agus cabhair a thabhairt agus muid faoi bhrú an sceidil scannánaíochta. Bliain mhór ab ea 2013 mar an chéad bhliain agam in Albain agus tá cuid mhór athraithe ó rinneadh an scannán faisnéise beag seo, ach is léargas spéisiúil fós é ar am áirithe i mo bheatha le linn mo thurais seo anseo...

Ariel Killick - Ard-Siamsaíochta ó Northern Visions NvTv ar Vimeo.

© Ariel Killick 2014