An bhfuil tú ag lorg dóigh nuálach spraoiúil do pháistí agus daoine fásta le hidirghníomhú leis an nGaeilge nó le Gàidhlig, chun an teanga a chur chun cinn mar mhodh cumarsáide úsáideach, taitneamhach comhaimseartha?Tá an-chuid taithí ag Ariel ar cheardlanna a éascú, agus
breis is 900 ceardlann tugtha aici i gcomhthéacsanna éagsúla scoile, pobail agus féile, in Éirinn, i dTuaisceart Éireann agus in Albain. Caidé faoi
phacáiste de cheardlanna /siamsaíocht/fógraíocht air na cosa arda do d'fhéile? Tá eolas faoin mbealach a d'fhéadfadh Ariel próifíl d'fhéile a ardú nó a dhéanamh níos spleodraí
anseo.
D'fhéadfá iarraidh ar Ariel
pacáiste saindeartha a chur le chéile de cheardlanna éagsúla
d'fhéiltí seachtaine nó campaí samhraidh freisin! Is féidir le hAriel
ceardlanna aonair a thabhairt do ranganna difriúla i gcaitheamh lae i scoileanna freisin, mar cuid d'imeachtaí cosúil le Seachtain na Gaeilge, nó chun tacú leis an gcuraclam Gaeilge ar scoil chomh maith, nó mar pháirt de chláir ealaíne níos leithne agus tionscadail ealaíne sráide níos mó, lena n-áirítear
dráma,
scileanna sorcais,
dealbhóireacht lòchrann,
ealaín Cheilteach &
ghraifìtì.

“An an amazing force of nature in its purest form - the kids are very lucky to have such a terrific role model in their midst. Sometimes I’ve been lucky enough meet people who no matter what language they speak can communicate with anyone – Ariel is one of them.”
Dan Gordon, scriptscríbhneoir clúiteach i dTuaisceart Éireann tar éis dó oibriú liom i gceardlann don tionscadal scoildrámaíochta Pat and Plain.
Freisin, d'fhéadfá
costais a laghdú trí chostais taistil a roinnt le grúpaí áitiúla eile – caidé faoi fháil amach an mbeadh suim ag
grúpaí eile scoile, pobail nó teanga i do cheantar i gceardlanna i nuálacha, spraoiúla, dátheangacha le hAriel agus í sa dúiche? Cuir ceist ar Ariel faoi
lascainí speisialta atá ar fáil d'áirithintí mar ghrúpa mar seo trí dhul i dteagmháil léi ar leathanach na sonraí teagmhála thíos!
"I want to thank you for your stimulating and inspiring bilingual circus skill workshops, the kids thoroughly enjoyed the experience. It was a honour to have such talented artists at our Lá Spraoi."Sheena, Eagraí Lá Spraoi SamhraidhCeardlanna atá ar fáil:Ceardlanna i Scileanna Sorcais
Ealaíona & Ceardaíocht: Péinteáil Ghloine, Suncatchers Ceilteacha
Déanamh Mósáicí (Mosaics)
Dealbhóireacht ó Earraí Athchúrsáilte
Déanamh Mascanna
Áirítear an dealbhóireacht shoilsithe as sreanga agus slata caolaigh coille do pharáidí agus collage i measc ceardlann agus tionscadal eile.

Cliceáil ar
na naisc ar chlé le haghaidh tuilleadh sonraí ar cheardlanna ar féidir le hAriel a sholáthar.
Tá deimhniú/seiceáil chúlra iomlán ACCESS NI ag Ariel chomh maith le hoiliúint fhoirmiúil sa Chosaint Leanaí, agus clúdach árachais PLI ó Equity & A-N le ceardlanna a thabhairt.
Oiliúint Fhoirmiúil:
Post-Graduate Diploma in Community Arts Education - National College of Art and Design, Baile Átha Cliath
Levels 1, 2 & 3 in Community Arts and Crafts - Play Resource, Béal Feirste
OCN NI accredited course in Managing Community Arts Projects - Playhouse Theatre, Doire.
Clliceáil ar na nasic ar chlé le haghaidh sonraí iomlána ar thaithí agus ar oiliúint Ariel sna healaíona a éascú agus ar imeachtaí a chomhordú. Tá Aiseolas ó Chliaint ar fáil anseo.
© Ariel Killick 2014