|
Bealach nuálach spreagúil eile is ea ceardlanna san ealaín ghraifítí leis an nGaeilge a chur i gceartlár an chultúir chomhaimseartha. Bíonn rannpháirtithe ag féachaint ar a gcuid cruthaitheachta féin, ag breisiú a gcuid scileanna teicniúla breathnadóireachta & cruinnis léiriúcháin, chomh maith le healaín ársa na gCeilteach agus focail na nua-Ghaeilge á meascadh.
• Do pháistí ó aois 8 mbliana suas • is féidir iad a chur ar fáil mar sheisiúin aonair suas le 2 uair a' chloig • mar 2-3 sheisiún in imeacht lae • nó mar pháirt de phacáiste de mheascán ceardlann in imeacht 1 lá nó tuilleadh • nó i gcomhar ledealbhóireacht & caoladóireacht lóchrann le haghaidh tionscadal ealaíne sráide, ag úsáid Ealaín Cheilteach, stionsail ghraifítí & filíocht • roinnt costaisí breise san áireamh le haghaidh ábhar • úsáid na spréphéinteanna ag brath ar an aimsir & caithfear a dhéanamh amuigh.
"Very enjoyable & engaging, well-prepared and organised - an excellent workshop for P6/7" Múinteoir, Bunscoil Phort Ellen, Oileán Íle.
Do dhaoine óga atá beagán níos sine, is bealach iontach é ceardlann dráma le tús a chur le díospóireacht faoi ábhair éagsúla, cosúil le cúrsaí teanga agus saincheisteanna eile, mar ullmhúchán le haghaidh comhthionscadail ghraifítí... Téigh i dteagmháil le hAriel le tuilleadh a fháil amach nó cén chaoi gur féidir le ceardlanna graifítí a bheith ina gcuid de chlár ealaíon nó imeachtaí níos leithne!
© Ariel Killick 2014
|