January 2014

Díreach ar ais ó thréimhse iontach i Nua Eabhrac mar a raibh mé páirteach i bhForbairt Tallainne Gàidhlig Idirnáisiúnta i Manhattan – chuir mé go mór le mo chuid scileanna agus bhí sé fíorspreagúil! Fuair mé nuacht fíormhaith freisin agus mé thall - mar gheall ar a fheabhas is a d'éirigh leis an tsraith cheardlann Gàidhlig agus dátheangach i Scileanna Sorcais & Scealaíocht Chruthaitheach i measc scoileanna Ghàidhealtachd na hAlban i mí Dheireadh Fómhair/na Samhna anuraidh, agus an oiread éilimh a bhí orthu, tá cuairt eile de na ceardlanna timpeall scoileanna na dùiche eagraithe ó lár na míosa go deireadh mhí Eanáir! Is mór an t-údar misnigh é ag tús bliana a bheidh cuíosach gnóthach cheana fhéin agus dhá thionscadal de mo chuid le bheith ina bpáirt d'Fhéile Chultúrtha Chluichí an Chomhfhlaithis i nGlaschú, chomh maith le trí thionscadal chomhpháirteacha idirnáisiúnta, tionscadal comhshaoil le sé réigiún in Albain, chomh maith le tuilleadh ceardlann lae agus seachtaine le scoileanna agus pobail éagsúla. Táim ag súil go mór le bheith ag obair leis na grúpaí agus daoine uile seo - go raibh bliain iontach agaibh féin in 2014 freisin!

Contact Me

I am available to perform at your event, deliver workshops or collaborate in event development anywhere in Ireland or Scotland.
Please feel free to ask for details: