May 2013
Nuacht iontach maith agam an mhí seo toisc go mbeidh an chéad chompántas dráma sráide Gàidhlig, sònaSonas, á bhunú agam i nGlaschú na hAlban! Mar an Stiúrthóir agus Bainisteoir a chuir an compántas ar bun, is mór an onóir agus an phribhléid dom foireann iontach d'ealaíontóirí Gàidhlig a bheith ar bord liom a bhfuil an-chuid tallainne agus taithí acu agus is féidir leat níos mó a fháil amach fúinn ag ár suíomh idirlín ag http://www.sonasonas.co.uk/ D'fhéadfá muid a leanúint ar ár leathanach ar Facebook freisin anseo https://www.facebook.com/sonasonas.sraide más mian leat a leanúint agus a roinnt le cairde...
Beidh sinn ag dul amach ar shráideanna Ghlaschú Déardaoin an 23ú Bealtaine ar shráid Buchanan, ceann de phríomhshráideanna siopadóireachta na hAlban agus b'fhéidir na hEorpa, agus má bhíonn tú thart, bheadh sé iontach d'fheiceáil! Beidh muid i mbun oibre ag Féile Idirchultúr an 'Mela' i nGlaschú an 15ú Meitheamh agus ag Féile Bhaile nam Marsantach i nGlaschú an 28ú Iúil freisin, chomh maith le roinnt léiriúchán eile agus pleananna iontacha ar na bacáin! Tá sònaSonas fíorbhuíoch ar fad don tacaícocht a tugadh dúinn trí Sgeama Lìonradh Dràma Gàidhlig (a' Deas) trí Alba Chruthachail (Creative Scotland), Bord na Gàidhlig, an Lòchran, Ionad Ealaíon Gàidhlig Ghlaschú agus Glaschu Beò.
Tráthnóna Dé Sathairn seo chugainn chomh maith, beidh mé ag dul ar an stáitse den chéad uair le seó beag grinn ag an Happyness Inverness Comedy Festival mar chuid den as part Gaelic New StandUp Comedy Talent, ag 6pm i Madhatters, Hootenanny's, Inbhir Nis. Tuilleadh eolais: http://happy-ness.co.uk/events/gaelic-new-talent-2/
Is cosúil go mbeidh an samhradh réasúnta gnóthach agam agus ceardlanna trítheangacha i Scileanna Sorcais (Gaeilge, Béarla agus Gàidhlig) á gcur ar fáil agam i nDún na nGall i mí Iúil, le mo chomhpháirtithe sorcais le Gaeilge Stephen and Con – is féidir leat níos mó a léamh faoinár gcuid oibre anseo: http://www.independentstateofhappiness.com/index.php/en/workshops/bilingual-circus-skills-workshops Beidh seachtain de cheardlanna éagsúla á gcur ar fáil agam trí mheán na Gàidhlig mar chuid de Fèis Òigridh Inbhir Nis sa mhí chéanna freisin. Beidh mé ag leanúint ar aghaidh le mo chuid scileanna in ealaín na hacrobaitice a fhorbairt chomh maith tar éis dom filleadh ar an ealaín sin mar chuid de mhionchlár faisnéise a rinne Northern Visions, ceann de phríomheagraíochtai teilifíse pobail Thuaisceart Éireann liom i mí na Nollag anuraidh agus a scaoileadh le gairid - is féidir leat breathnú air anseo: http://vimeo.com/62417251
Dá ainneoin seo go léir, beidh am agam fós le haghaidh oibre ealaíon timpeall na hÉireann agus nah Alban más mian leat roinnt ealaín sráide ardchaighdeáin a chur in áirithe do d'fhéile nó d'imeachtaí pobail nó teaghlaigh, mar sin tá míle fáilte romh dul i dteagmháil liom le haon fhiosrúcháin tríd an leathanach teagmhála thíos!
