Mid November 2014
Tar éis beagnach dhá bhliain, tharla an sàrthionscadal Rap Idir-Ghaelach i gCorcaigh, agus mise is Ruairidh Greumach, drumadóir ón mbanna cáiliúil leictreonach Gàidhlig, Niteworks, agus ar múinteoir Gàidhlig agus file freisin é, ag taisteal go Corcaigh le bheith ag obair leis na sàr-rapadóirí Gaeilge, Bubba Shakespeare & GMC.
D'éirigh chomh maith sin leis an tionscadal, gur thug Ariel taispeántas dá chuid oibre leis an amhrán dátheangach rap 'Set Yourself Free' ag Duaisean Nàiseanta na Gàidhlig i nGlaschú dìreach coicís ina dhiaidh, ag tuilleadh sárléirmheas ón Daily Record, á rá gur thug sí 'Knockout Performance' le pictiúr deas d'Ariel i mbun oibre le feiceáil sa pháipéar.
Scríobhadh agus taifeadadh an t-uafás gan ach ceithre lá againn leis an tionscadal in Éirinn – i bhfad níos fearr ná a d'fhéadfainn samhlú riamh. Táim ag féachaint ar bhealaí leis na buachaillí a thabhairt anall go hAlbain le hoibriú ar albam iomlán a bhliain seo chugainn, mar sin, breathnaigh amach le haghaidh maidir le tionscadal Crowdfunder sna míonna amach romhainn. Tá sárléiritheoir clúiteach ceoil tar éis teacht chuig Ariel, ag iarraidh a halbam a léiriú freisin, rud atá ina nuacht díreach iontach ar fad! Le blas beag a fháil den obair a rinneadh agus muid ag fanacht leis an leagan deiridh de na hamhráin nua ó sárstiúidio meascaidh GMC áfach, seo Bubba Shakespeare agus GMC le ceann dá gcuid amhráin féin!
Towards the end of 2015, I'll also be looking to take out Bilingual and Gaelic Rap Workshops to schools and communities in Scotland, so if you're interested, you're most welcome to get in touch! Ariel is also focussing on the teaching of rap in Gaelic as part of her Approaches to Critical Artistry module for her Master's Degree in Gaelic Arts (Teaching & Learning) at the Royal Conservatoire, Glasgow, in conjunction with Sabhal Mòr Ostaig.

_abece34ab98dfaaa8d5696c8953cda6d.jpg)
